TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
báire fir4 cluiche, coimhlint; cluiche iomána; cúl scórála (báire a chur); an spás idir na cuaillí a bhíonn mar sprioc i gcluichí áirithe (cé a bhí sa bháire acu?) ► báire baoise amaidí na hóige ► báire fola cath, cogadh
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an oscailt trína scóráiltear báire
gardáil, sábháil ó ionsaí, ó bhaol etc. (ag cosaint na tíre; báire a chosaint); dul in airgead (chosain sé fiche punt orm)
i ndeireadh báire, faoi dheoidh
duine de na cúlaithe díreach taobh amuigh den bhéal báire
ponc (a haon pointe a dó); céim; spota, nóiméad (pointe fiuchta; d'imigh sé ar an bpointe); bior, rinn (pointe bioráin, pointe tíre); mír, sonra (argóint pointe ar phointe); aird de chuid an chompáis; scór i gcúrsaí spóirt (báire is dhá phointe)
cluiche peile nach bhfuil cead ach ag an gcúl báire an pheil féin a láimhseáil ann
stríoc, eang (bata scóir); cuntas, reicneáil (an scór a dhíol; cárta scóir); (le talamh) ligthe ar chíos bliana; báire nó pointe